Turas ar Líne

Cuairt a thabhairt ar réadmhaoin, na déantúsáin a fheiceáil tú féin, comhrá a dhéanamh le duine dár dtreoraithe eolacha agus taitneamh a bhaint as cupán caife sa chaifé ina dhiaidh sin – níl a shárú le fáil! Chun blaiseadh a thabhairt duit den mhéid a fheicfidh tú le linn na cuairte, bain taitneamh as na turais fhíorúla thíos.

Turas an Tí

Chomh maith le hionad sárthaispeántais dá bhailiúchán pearsanta ealaíne, ba shaothar ealaíne teach Derek Hill féin. Idir an páipéar balla, bhrat urláir agus chuirtíní i seomra leapa William Morris, agus earraí Wemyss Ware sa chistin, léiríonn an turas seo na pictiúir agus na seomraí ina bhfuil siad.

“Chruthaigh sé teach agus gairdín anseo a léiríodh in go leor leabhar mar eiseamláir de dhearadh intí agus gairdín. Ba mhaisitheoir clúiteach a dheartháir níos sine, John, agus tháinig sé féin agus Derek ar rollaí de pháipéar balla bunaidh Morris, a bhí in úsáid mar pháipéar tarraiceáin in óstán i nDún Éideann, agus cheannaigh siad iad.”

– Grey Gowrie, Aistriúchán ar Scéala Báis Derek Hill, The Guardian (10 Lúnasa 2000).

Turas na nGairdíní

Scríobh Derek Hill alt sna 1960idí faoina ghairdín i dTeach Gléibe, agus chuir sé faoi bhráid an Royal Horticultural Society Journal é. In alt a scríobh sé níos deireanaí, thug sé níos mó eolais faoin gcaoi ar tháinig an gairdín chun aibíochta, agus chuir sé i gcomparáid le Gleann Bheatha in aice láimhe é. Cuirimid an t-alt sin i láthair anseo, i dteannta léaráidí nuair is ábhartha, mar thuras ar na gairdíní.

“Ba cheart do ghairdíní an tírdhreach ina bhfuil siad a léiriú,” a scríobh mé. Ba bhotún ollmhór a bheadh ann gairdín néata ró-eagraithe a lonnú ar bhruach an locha leis na cnoic máguaird, an áit a bhfuil St Columb’s. Ní maith liom ceapacha foirmeálta ina mbíonn bláthanna eagraithe go docht agus iad ar aon airde agus ar aon dath. B’fhéidir go dtagann an chaoi a mb’fhearr liom gairdín atá fiáin beagnach, a léiríonn an tuath nádúrtha thart timpeall air, leis an tranglam a thaitníonn liom sa teach – bailiúchán mo shaoil.”

– Derek Hill (1968).

Breathnaigh ar níos mó íomhánna den teach agus dá thailte, idir reatha agus stairiúil, sa Ghailearaí.