Teach Gléibe

Tugadh St Columb’s ar Theach Gléibe tráth ar tógadh é i stíl na Leasríochta in 1828 mar reachtaireacht St Columb’s (Eaglais na hÉireann), Mín an Lábáin, i bParóiste Ghartáin. Chónaigh an chéad Reachtaire sa teach ar feadh níos lú ná trí bliana agus tháinig an tOirmhinneach Henry Maturin i gcomharba air in 1831.

In 1861 bhí an-bhaint ag an Oirmhinneach Maturin le himeacht a chuir Gartán agus Mín an Lábáin go mór i mbéal an phobail ar fud na tíre. Chreid John George Adair, úinéir Eastát Ghleann Bheatha, go raibh a thionóntaí ag marú a chuid caorach, gur mharaigh siad a mhaor, John Murray, agus fiú go raibh a shaol féin i mbaol mar gheall orthu. Dá bhrí sin bhí sé meáite ar na tionóntaí a dhíbirt. Ghníomhaigh Maturin mar idirghabhálaí agus chuaigh sé i bpáirt leis an Athair Kerr, an Sagart Paróiste Caitliceach, chun litir oscailte a chur chuig Adair ag éileamh trócaire dá thionóntaí air. Tugadh an chluas bhodhar dá n-iarratas agus i mí Aibreáin 1861 díbríodh 244 duine as 46 teaghlach. Cháin preas Protastúnach Bhaile Átha Cliath an tOirmhinneach Maturin de bharr a ghnímh éacúiméinigh.

I ndiaidh bhás an Oirmhinnigh Maturin in 1880, tugadh Gléib, a bhí rómhór agus ródhaor don Eaglais le coinneáil anois, ar léas do na tionóntaí ar feadh cúpla bliain sular díoladh é. I ndiaidh a athchóirithe, d’oscail sé in 1898 mar St Columb’s Hotel, ag glacadh le cuairteoirí d’iascaireacht bradán agus trosc i rith an earraigh agus an tsamhraidh agus d’fhoghlaeireacht i rith an fhómhair. Seachas le linn 1916-1922, nuair a ghabh an IRA an t-óstán ar feadh scaitheamh gearr agus Constáblacht Ríoga na hÉireann ina ndiaidh, d’oscail an t-óstán gach bliain go dtí go bhfuair an t-úinéir, Mrs Kitty Johnstone, bás i 1950. Rith a hiníon an t-óstán ansin go dtí gur cheannaigh Derek Hill an teach.

Rugadh Derek Hill i Sasana i 1916 agus cuireadh oideachas air i gColáiste Marlborough, áit ar chuir sé spéis sa phéintéireacht agus é an-óg. Ach chuir a athair ina luí air gur cheart dó díriú ar dhearadh stáitse agus chuaigh sé i mbun staidéir in München, i bPáras, i Vín agus sa Rúis. D’fhill sé ar Pháras i 1937 le tabhairt faoin bpéintéireacht agus nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, d’fhill Hill ar Shasana agus, mar dhiúltóir coinsiasach, d’oibrigh sé go deonach mar oibrí feirme. Le linn na mblianta sin, casadh go leor d’ealaíontóirí ceannródaíocha na Breataine air agus thosaigh sé ag ceannach saothar le péintéirí Scoil Euston Road.

I 1946 bhí Hill in Éirinn ar feadh bliain iomlán, ag péinteáil i nGaillimh agus i Maigh Eo. I 1949 thug sé cuairt ar an Iodáil agus as sin go ceann cúig gheimhreadh d’fhan sé i dteach an staraí ealaíne Bernard Berenson taobh amuigh de Fhlórans. Casadh Henry McIlhenny air san Iodáil freisin, a thug cuireadh dó cuairt a thabhairt ar Chaisleán Ghleann Bheatha. Thug Hill cuairt air i 1949 agus i 1951 agus nuair a chuala sé go raibh St Columb’s ar díol cheannaigh sé é i 1953.

D’aistrigh Derek Hill St Columb’s ar ais ina theach arís, le cúnamh óna dheartháir John, dearthóir intí agus stiúrthóir comhlacht dearaidh. Chuir sé córas teasa agus leictreachais sa teach, agus d’athchóirigh sé bloc stáblaí ina stiúideo agus lóistín breise dá chuairteoirí agus dá bhean tí. Thosaigh Hill freisin ag cruthú gairdín neamhfhoirmeálta coillearnaí as an ngairdín oibre a bhíodh ann.

Bhí spéis Hill sa phortráidíocht chomh tábhachtach lena ghrá don phéintéireacht tírdhreacha, agus phéinteáil sé réimse leathan ábhair in imeacht na mblianta. Spreag a phictiúir de Thoraigh cuid de mhuintir an oileáin le dul i mbun péinteála agus tá clú idirnáisiúnta ar “Scoil Thoraí” ann féin anois.

I 1981, thug Derek Hill St Columb’s, an méid a bhí ann agus na gairdíní mar thabhartas don Náisiún. Iompaíodh stiúideo agus teach aíochta Hill go Gailearaí Gléibe ina dtaispeántar earraí ó Bhailiúchán Derek Hill chomh maith le taispeántais taistil. Cuirtear an teach agus na gairdíní i láthair go neamhfhoirmeálta, ar nós go bhfuil Derek Hill fós ina chónaí ann. In ómós dá thacaíocht gan staonadh do na hEalaíona in Éirinn, bhronn Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath dochtúireacht oinigh ar Hill agus rinneadh saoránach oinigh de chuid na hÉireann dó i 1998. I Sasana, ceapadh mar CBE é i 1997. Fuair sé bás i Londain i mí Lúnasa 2000.

Íoslódáil

An bróisiúr reatha do Theach agus do Ghailearaí Gléibe. (Béarla)

Léigh faoi shaol Derek Hill, agus foghlaim faoin bhfáth ar chónaigh sé i dTeach Gléibe.

Foghlaim Tuilleadh